CEACHT 21
Cén Chaoi a gCraobhscaoiltear An Dea-Scéal?
Is gearr go gcuirfidh Iehova deireadh leis na fadhbanna go léir atá againn ag úsáid a Ríocht. Tá an dea-scéal sin rómhaith le coinneáil dúinn féin. Bhí Íosa ag iarraidh go roinnfidh a lucht leanúna an teachtaireacht seo le gach duine! (Matha 28:19, 20) Cén chaoi a gcomhlíonann Finnéithe Iehova ordú Íosa?
1. Cén chaoi a bhfuil Matha 24:14 á chomhlíonadh inniu?
Thuar Íosa: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne.” (Matha 24:14) Tá Finnéithe Iehova sásta páirt a ghlacadh san obair thábhachtach seo. Tá muid ag craobhscaoileadh an dea-scéil ar fud an domhain i mbreis agus 1,000 teanga! Tá go leor oibre agus eagrúchán i gceist leis seo. Níorbh fhéidir é a dhéanamh gan cabhair Iehova.
2. Cén chaoi a ndéantar an obair chraobhscaoilte?
Bíonn muid ag craobhscaoileadh cibé áit a bhfuil daoine. Cosúil le Críostaithe na chéad aoise, téann muid “ó theach go teach.” (Gníomhartha 5:42) Cuireann an modh craobhscaoilte sin ar ár gcumas labhairt leis na milliúin duine gach bliain. Bíonn muid ag craobhscaoileadh in áiteanna poiblí freisin. Bíonn muid i gcónaí ag tapú an deis chun insint do dhaoine eile faoi Iehova agus a chuspóirí.
3. Cé atá freagrach as an dea-scéala a chraobhscaoileadh?
Tá freagracht ar fhíor-Chríostaí an dea-scéal a scaipeadh. Tá muid i ndáiríre faoin bhfreagracht sin. Bíonn muid ag craobhscaoileadh an dea-scéil chomh minic is féidir, mar tá sé in ann beatha daoine a shábháil. (Léigh 1 Tiomóid 4:16.) Níl aon íocaíocht as an obair seo, deir an Bíobla: “In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.” (Matha 10:7, 8) Ní ghlacann gach duine lenár dteachtaireacht. Ach leanann muid ar aghaidh mar gur páirt dár n-adhradh é an craobhscaoileadh agus cuireann sé áthas ar Iehova.
DÉAN TAIGHDE
Foghlaim tuilleadh faoi iarrachtaí Fhinnéithe Iehova an dea-scéal a scaipeadh ar fud an domhain, agus mar a chabhraíonn Iehova linn.
4. Oibríonn muid go crua chun a theacht ar gach duine
Déanann Finnéithe Iehova tréaniarracht an dea-scéal a chraobhscaoileadh i ngach áit. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.
-
Cén chaoi a dtéann na hiarrachtaí a dhéanann Finnéithe Iehova i bhfeidhm ort?
Léigh Matha 22:39 agus Rómhánaigh 10:13-15, ansin pléigh na ceisteanna seo:
-
Cén chaoi a léiríonn an obair chraobhscaoilte grá dár gcomharsan?
-
Cén chaoi a mothaíonn Iehova fúthu siúd a chraobhscaoileann an dea-scéal?—Féach véarsa 15.
5.Comhoibrithe le Dia atá ionainne
Tugann eachtraí tráthúla le fios go bhfuil Iehova ag stiúradh ár gcuid oibre. Sa Nua-Shéalainn casadh bean le Pól agus é ag dul ó theach go teach. Ghuí an bhean chuig Iehova an mhaidin sin ag iarraidh air duine éigin a chur chuici. “Trí huaire an chloig níos déanaí, bhí mé ar leac an dorais aici” a deir Pól.
Léigh 1 Corantaigh 3:9, ansin pléigh an cheist seo:
-
Cén chaoi a léiríonn eachtra Phóil go bhfuil Iehova ag stiúradh an obair chraobhscaoilte?
Léigh Gníomhartha 1:8, ansin pléigh an cheist seo:
-
Cén fáth a bhfuil cabhair Iehova ag teastáil leis an obair chraobhscaoilte a dhéanamh?
An raibh a fhios agat?
Cuirtear oiliúint orainn ag cruinniú lár seachtaine chun cabhrú linn an obair chraobhscaoilte a dhéanamh. Má d’fhreastail tú ar cheann de na cruinnithe sin, céard a cheap tú don oiliúint a cuireadh ar fáil?
6. Fógraíonn muid an dea-scéal faoi Ríocht Dé
Rinneadh iarracht stop a chur leis an obair chraobhscaoilte sa gcéad aois. Bhíodh Críostaithe na chéad aoise “ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil” go dlíthiúil. (Filipigh 1:7) Déanann Finnéithe Iehova an rud céanna inniu. a
Léigh Gníomhartha 5:27-42, ansin pléigh an cheist seo:
-
Cén fáth nach stopfaidh muid ag craobhscaoileadh?—Féach véarsaí 29, 38, agus 39.
D’FHÉADFAÍ AN CHEIST A CHUR: “Cén fáth a dtéann Finnéithe Iehova ó dhoras go doras?”
-
Cén chaoi a bhfreagrófá?
ACHOIMRE
D’ordaigh Íosa dá lucht leanúna an dea-scéal a chraobhscaoileadh do na náisiúin uile. Tá Iehova ag cabhrú leo lena dhéanamh.
Súil Siar
-
Cén chaoi a bhfuil an dea-scéal á chraobhscaoileadh ar fud an domhain?
-
Cén chaoi a léiríonn ár ministreacht go bhfuil grá againn dár gcomharsan?
-
An dóigh leat gur obair shásúil é an craobhscaoileadh? Cén fáth?
FIOSRAIGH
Féach mar a dhéantar an craobhscaoileadh sna cathracha móra.
Céard atá déanta ag Finnéithe Iehova chun cabhrú le teifigh?
Éist le bean ag cur síos ar an áthas a chuir sé uirthi a saol a chaitheamh ag craobhscaoileadh.
Foghlaim faoi chásanna cúirte a chuir craobhscaoileadh an dea-scéil chun cinn.
“Kingdom Preachers Take Their Case to Court” (God’s Kingdom Rules!, caibidil 13)
a Is é Dia an té a údaraíonn craobhscaoileadh an dea-scéil. Mar sin, ní bhíonn cead ag teastáil ó Fhinnéithe Iehova chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh.