Ná bac leis seo

Cé hÉ an tArdaingeal Mícheál?

Cé hÉ an tArdaingeal Mícheál?

Freagraíonn an Bíobla

 Tagraíonn roinnt reiligiún do Mhícheál mar “Naomh Mícheál,” sin é an t-ainm a tugadh d’Íosa roimh agus tar éis dó a bheith ar an talamh. a Bhí aighneas idir Mícheál agus Sátan tar éis do Mhaois bás a fháil. Chabhraigh Mícheál le haingeal chun teachtaireacht Dé a thabhairt chuig an bhfáidh Dainéil freisin. (Dainéil 10:13, 21; Iúd 9) Ciallaíonn an t-ainm “Mícheál”​—“Cé Atá Cosúil le Dia?”​—d’fheil an t-ainm sin Mícheál mar rinne sé cosaint ar thiarnas Dé agus throid sé in aghaidh naimhde Dé.​—Dainéil 12:1; Apacailipsis 12:7.

 Smaoinigh ar an gcúis a bhfuil sé réasúnta a chreidiúint gurb é Íosa an tArdaingeal Mícheál.

  •   Is é Mícheál an ‘tArdaingeal.’ (Iúd 9) Ciallaíonn an teideal “ardaingeal,” ‘ceannaire na n-aingeal’ agus tá sé ar fáil in dhá véarsa sa mBíobla. Sa dá chás, tá sé sa bhfoirm uatha, rud a thugann le tuiscint dúinn nach bhfuil an teideal seo ach ag aingeal amháin. Deir ceann de na véarsaí seo go dtiocfaidh Íosa atá aiséirithe, anuas ó neamh “nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil” dó. (1 Teasalónaigh 4:​16) Tá “glór an ardaingil” ag Íosa mar gurbh eisean an t-ardaingeal Mícheál.

  •   Tá Mícheál i gceannas ar aingil na bhflaitheas. ‘Throid Mícheál agus a chuid aingeal leis an dragan.’ (Apacailipsis 12:7) Tá údarás ag Mícheál i ndomhan na spiorad, mar tugtar “ceann de na príomhphrionsaí agus “an prionsa mór” air. (Dainéil 10:13, 21; 12:1) Dar leis an scoláire ar an Tiomna Nua David E. Aune, léiríonn na teidil seo gurb ‘ard cheannaire ar aingeal na bhflaitheas’ é Mícheál.

     Ní luann an Bíobla ach ainm neach amháin eile a bhfuil údarás aige ar aingil na bhflaitheas. Cuireann sé síos ar an uair a “nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois . . . i gcaoráil tine ag agairt díoltais.” (2 Teasalónaigh 1:​7, 8; Matha 16:27) Chuaigh Íosa “suas ar neamh agus . . . tá aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.” (1 Peadar 3:​21, 22) Ní dhéanfadh sé ciall dá gcuirfeadh Dia Íosa agus Mícheál i gceannas ar aingil na bhflaitheas mar chéile comhraic. Luíonn sé le réasún go bhfuil an dá ainm, Íosa agus Mícheál, ag déanamh tagairt don duine céanna.

  •   “Éireoidh Mícheál” in aimsir bhuartha. (Dainéil 12:1) I leabhar Dainéil, úsáidtear an téarma “éireoidh” go minic chun tagairt a dhéanamh do rí a éiríonn suas chun gníomh speisialta a dhéanamh. (Dainéil 11:​2-4, 21) Gníomhóidh Íosa Chríost ar a dtugtar “Briathar Dé,” i ról speisialta mar “Rí na Ríthe” chun naimhde Dé ar fad a scriosadh agus pobal Dé a chosaint. (Apacailipsis 19:11-​16) Déanfaidh sé é seo le linn tréimhse ama ar a dtugtar an “trioblóid mhór, . . . nach raibh a leithéid riamh ann ó thús an domhain.”​—Matha 24:21, 42.

a Déanann an Bíobla tagairt do dhaoine eile a raibh níos mó ná ainm amháin orthu, daoine ar nós Iacób (ar a dtugtaí Iosrael) Peadar (ar a dtugtaí Síomón), agus Tadáias (ar a dtugtaí Iúdás).​—Geineasas 49:​1, 2; Matha 10:​2, 3; Marcas 3:​18; Gníomhartha 1:​13.