Ná bac leis seo

Cén Fáth ar Cheart Dúinn Guí in Ainm Íosa?

Cén Fáth ar Cheart Dúinn Guí in Ainm Íosa?

Freagraíonn an Bíobla

 Caithfidh muid guí chuig Dé in ainm Íosa mar is é seo an bealach atá leagtha amach aige dúinn le labhairt leis. Dúirt Íosa “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.” (Eoin 14:6) Dúirt Íosa lena chuid aspal dílse: “Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m’ainm-se.”—Eoin 16:23.

Tá cúiseanna eile ar chóir dúinn guí in ainm Íosa

  •   Tugann muid onóir d’Íosa agus dá Athair, Iehova Dia.—Filipigh 2:9-11.

  •   Léiríonn muid go bhfuil meas againn ar éiric Íosa a d’fhuascail ón bpeaca agus ón mbás sinn.—Matha 20:28; Gníomhartha 4:12.

  •   Tugann muid aitheantas don ról speisialta atá ag Íosa mar idirghabhálaí idir Dia agus an duine.—Eabhraigh 7:25.

  •   Tá ómós againn don ról atá ag Íosa mar Ardshagart a chabhraíonn linn caidreamh maith a chothú le Dia.—Eabhraigh 4:14-16.