Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 1

Pósadh Sona Le Cabhair Ó Dhia

Pósadh Sona Le Cabhair Ó Dhia

“Chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil.”—Matha 19:4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn

Is é Iehova * a rinne an chéad chleamhnas. De réir an Bhíobla rinne sé an chéad bhean agus “thug chun an duine í.” Bhí Ádhamh chomh lúcháireach sin gur chuir sé reacht filíochta as: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m’fheoil-se í.” (Geineasas 2:22, 23) Tá Iehova fós ag iarraidh go mbeidh daoine pósta sona sásta.

Nuair a phósann daoine is minic a cheapann siad go mbeidh gach rud ina cheart. Ach i ndáiríre, beidh fadhbanna ag lánúin phósta fiú nuair atá fíorghrá acu dá chéile. (1 Corantaigh 7:28) Sa bhróisiúr seo gheobhaidh tú prionsabail ón mBíobla, agus má chuirtear i bhfeidhm iad, is féidir leat pósadh agus teaghlach sona sásta a bheith agat.—Salm 19:9-12.

1 GLAC AN DUALGAS A CHUIR IEHOVA ORT

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: Tá an fear céile ina cheann ar an teaghlach.—Eifisigh 5:23.

Más fear céile thú, tá Iehova ag súil go dtabharfaidh tú aire cheanúil do do bhean. (1 Peadar 3:7) Rinne sé í mar chéile cúnta duit agus tá sé ag iarraidh go mbeidh meas agat uirthi agus go mbeidh grá agus ómós agat di. (Geineasas 2:18) Caithfidh tú grá chomh mór sin a bheith agat do do bhean chéile go mbeidh tú sásta leas ise a chur roimh do leas féin.—Eifisigh 5:25-29.

Más bean chéile thú, tá Iehova ag súil go mbeidh ómós agat do d’fhear céile agus go dtabharfaidh tú cúnamh dó a dhualgas a chomhlíonadh. (1 Corantaigh 11:3; Eifisigh 5:33) Tabhair tacaíocht dó sna cinntí a dhéanann sé agus bí ag comhoibriú leis go hiomlán ó do chroí. (Colosaigh 3:18) Nuair a dhéanann tú é sin bíonn tú go hálainn mar dhuine i súile d’fhear céile agus i súile Iehova.—1 Peadar 3:1-6.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Fiafraigh de do chéile cén chaoi ar féidir leat a bheith níos fearr mar fhear céile nó mar bhean chéile. Éist go cúramach agus déan an méid is féidir leat chun feabhsú

  • Bí foighneach. Tógfaidh sé tamall ar an mbeirt agaibh foghlaim lena chéile a shásamh

2 BÍ AIRDEALLACH AR MHOTHÚCHÁIN DO CHÉILE

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: Ní mór duit breathnú amach do leas do chéile. (Filipigh 2:3, 4) Caith le do chéile go huasal, mar go bhfuil Iehova ag iarraidh ar a shearbhóntaí a bheith “cineálta le cách.” (2 Tiomóid 2:24, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) ‘Tá duine ann ar geall le sá claímh a bhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.’ Mar sin, cuimhnigh go maith ort féin sula labhraíonn tú. (Seanfhocail 12:18) Tabharfaidh spiorad Iehova cabhair duit le labhairt go deisbhéalach, le cineáltas agus grá.—Galataigh 5:22, 23; Colosaigh 4:6.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Guigh chun Dé chun cabhair a fháil le bheith múinte agus le cluais éisteachta a thabhairt, sula bpléann tú cúrsaí tromchúiseacha le do chéile

  • Smaoinigh roimh ré ar an rud atá tú ag dul a rá agus ar an gcaoi a ndéarfaidh tú é

3 BÍGÍ AR AON INTINN

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: Nuair a phósann tú do chéile déantar “aon cholainn amháin” den bheirt agaibh. (Matha 19:5) Ach ag an am céanna is beirt phearsa ar leith sibh agus b’fhéidir go mbeadh tuairimí éagsúla agaibh ó am go chéile. Mar sin, caithfidh sibh foghlaim le bheith ar aon intinn agus le hoibriú as lámha a chéile. (Filipigh 2:2) Téigí i gcomhairle le chéile nuair atá cinneadh le déanamh. (Seanfhocail 20:18) Ní mór daoibh prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm nuair atá sibh ag déanamh cinntí tábhachtacha le chéile.—Seanfhocail 8:32, 33.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Cur in iúl go díreach na rudaí atá ar d’intinn agus an chaoi a n-airíonn tú

  • Téigh i gcomhairle le do chéile sula socraíonn tú ar aon ní

^ Alt 4 Is é Iehova ainm Dé mar atá luaite sa Bhíobla.