An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Liom Saol Sona Teaghlaigh a Bheith Agam?
Freagraíonn an Bíobla
Is féidir. Seo samplaí den chomhairle eagnaí atá ar fáil sa mBíobla agus a chabhraigh leis na milliúin duine saol sona teaghlaigh a bheith acu:
Bíodh do phósadh dleathach. Is é an ceangal dlíthiúil saoil a chur Dia ar lánúin phósta bunchloch an teaghlaigh shona.—Matha 19:4-6.
Léirigh grá agus meas. Ciallaíonn sé seo caitheamh le do chéile pósta ar an mbealach ar mhaith leat go gcaithfí leat féin.—Matha 7:12; Eifisigh 5:25, 33.
Seachain an chaint bhorb. Labhair go cineálta, fiú má deir nó má dhéanann do chéile pósta rud a ghortaíonn thú. (Eifisigh 4:31, 32) Lean comhairle an Bhíobla ag Seanfhocail 15:1: “Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl, ach músclaíonn briathra borba cuthach.”
Bígí dílis dá chéile. Déan cinneadh gan comhluadar rómánsach ná caidreamh collaí a bheith agat le haon duine seachas do chéile pósta. (Matha 5:28) Deir an Bíobla: “Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é.”—Eabhraigh 13:4.
Múin do pháistí go grámhar. Ná bí ró-chrua ná ró-bhog orthu.—Seanfhocail 29:15; Colosaigh 3:21.